Skip to main content
Menu

Tá tithíocht shóisialta agus inacmhainne á seachadadh ag údaráis áitiúla faoi Tithíocht do Chách, an plean náisiúnta tithíochta d’Éirinn.

Sa chuid seo

Tá go leor bealaí ann gur féidir le húdaráis áitiúla tithíocht a sheachadadh.

Tógáil go Díreach

I gcás ina bhfuil rochtain ag údaráis áitiúla ar thalamh atá oiriúnach d’fhorbairt tithíochta, is féidir tithe sóisialta agus inacmhainne a thógáil go díreach ar an talamh sin a bheidh faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht an údaráis áitiúil.

Ceapfar pleananna don fhorbairt, agus is gnách go mbíonn tréimhse comhairliúcháin phoiblí i gceist nuair a fhéadann baill den phobal a gcuid tuairimí faoi na pleananna a chur in iúl. Cuirfear an dearadh deireanach ar an margadh, agus féadann forbróirí príobháideacha dul san iomaíocht i bpróiseas tairisceana don chonradh chun an fhorbairt a thógáil.

Cuid V

Tá Cuid V mar chuid de reachtaíocht phleanála a thugann teidlíocht d’údaráis áitiúla chun céatadán a fháil de thalamh forbartha tithíochta a bhfuil cead pleanála deonaithe air. Faoi láthair, is féidir le húdaráis áitiúla 20% den talamh sin a fháil ag an luach reatha agus é a úsáid chun tithe a sheachadadh.

Freisin tá an rogha ag údaráis áitiúla aonaid chríochnaithe a fháil san fhorbairt nó i bhforbairt eile a mheaitseálann luach na talún, in áit an talamh féin a fháil.

Socruithe forbróra/ Socruithe ar chasadh eochrach

Nuair atá pleananna ag forbróirí príobháideacha chun forbairtí tithíochta nua a thabhairt isteach i gceantair ina bhfuil gá le tithíocht shóisialta agus inacmhainne, féadann an t-údarás áitiúil socruithe réamhcheannaigh a dhéanamh leis an bhforbróir chun céatadán áirithe d’aonaid a fháil um thithíocht shóisialta agus inacmhainne. Ciallaíonn sé sin go ndéanann an t-údarás áitiúil socrú leis an bhforbróir chun líon áirithe aonad a cheannach sula bhfuil tógáil tosaithe.

Comhpháirtíocht CTC

Soláthraíonn Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe (CTCanna) tithíocht freisin dóibh siúd a bhfuil cóiríocht de dhíth orthu. Eagraíochtaí seachbhrabúsacha nó cuideachtaí príobháideacha iad a sholáthraíonn tithíocht inacmhainne ar cíos do dhaoine nach bhfuil sé ina n-acmhainn cóiríochta príobháidí ar cíos nó a dteach féin a cheannach. Chun cóiríocht a fháil le CTC, ní mór go mbeifeá ar liosta tithíochta sóisialta d’údaráis áitiúil.

Cé gurb iad údaráis áitiúla go príomha a sholáthraíonn tithíocht shóisialta do dhaoine nach bhfuil sé ina n-acmhainn teach a cheannach ná cóiríocht a fháil ar cíos, téann údaráis áitiúla isteach i socruithe comhpháirtíochta le CTCanna trínar féidir cóiríocht a thabhairt do dhaoine ó liosta tithíochta an údaráis áitiúil tríd an CTC.

Comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach

Is é atá i gcomhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach (CPP) socrú idir an t-údarás áitiúil agus comhpháirtí príobháideach chun tionscadail tithíochta sóisialta a sheachadadh faoi chonradh fadtéarmach. Is é an comhpháirtí príobháideach a dhéanann an tionscadal a sheachadadh; de ghnáth tugann siad faoi na costais tosaigh agus faoin tógáil, agus nuair atá sé críochnaithe tugtar an fhorbairt don údarás áitiúil le húsáid ag an bpobal. Ansin íocfaidh an t-údarás áitiúil as an bhforbairt ar feadh tréimhse fada ama, agus ina dhiaidh sin beidh an fhorbairt go hiomlán faoi úinéireacht an údaráis áitiúil.