Skip to main content
Menu

Is féidir le húdaráis áitiúla deontais a sholáthar chun cabhrú le costas deisiúcháin agus feabhsúcháin ar thithe príobháideacha i gcúinsí áirithe.

Sa chuid seo

Deontas Áiseanna Soghluaisteachta

Is féidir le húdaráis áitiúla cúnamh deontais a sholáthar do mhionoibreacha chun dul i ngleic le fadhbanna soghluaisteachta i dtithe faoi úinéireacht phríobháideach.

Ceadaíonn Deontas Áiseanna Soghluaisteachta do cheannach agus suiteáil greimráillí, cithfholcadáin le rochtain chomhréidh, rampaí rochtana agus cathaoireacha staighre agus mionoibreacha riachtanacha eile.

Níl an deontas seo ar fáil ach dóibh siúd a bhfuil ioncam teaghlaigh níos lú ná €30,000 in aghaidh na bliana acu. Is é an t-uasdeontas atá ar fáil ná €6,000, a d’fhéadfadh 100% de chostas na hoibre a chlúdach.

Deontas Oiriúnaithe Tithíochta

Féadfar deontas oiriúnaithe tithíochta a sholáthar nuair is gá athruithe a dhéanamh ar theach chun é a dhéanamh oiriúnach do dhuine a bhfuil míchumas coirp, céadfach nó intleachta acu nó a bhfuil deacracht mheabhairshláinte acu.

I measc na gcineálacha oibreacha a cheadaítear faoin scéim tá soláthar rampaí rochtana, áiseanna leithris thíos staighre, cathaoireacha staighre, cithfholcadáin inrochtana, rochtain do chathaoireacha rothaí, agus oibreacha eile a mheastar a bheith riachtanach.

Má tá ioncam bliantúil teaghlaigh níos lú ná €30,000, d’fhéadfaí cúnamh deontais a thabhairt do 95% de chostas na n-oibreacha (suas go dtí uasmhéid an deontais de €30,000). Laghdófar céatadán na gcostas a dtabharfar cúnamh dóibh ó 95% síos go 30%, dóibh siúd a bhfuil ioncaim bhliantúla teaghlaigh acu idir €50,001 agus €60,000.

Cúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta

Úsáidtear an scéim Cúnaimh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta chun riocht tí daoine scothaosta a fheabhsú trí oibreacha deisiúcháin nó feabhsúcháin. Tá sé dírithe ar dhaoine d’aois 66+ a bhfuil cónaí orthu i ndrochdhálaí tithíochta.

Áirítear ar na cineálacha oibreacha a fhaigheann cúnamh deontais faoin Scéim deisiúcháin nó feabhsúcháin struchtúracha, mar shampla, athdhíonadh, athshreangú, tirimlíneáil, agus obair deisiúcháin nó feabhsúcháin eile a mheastar a bheith riachtanach.

Má tá meánioncam bliantúil an teaghlaigh níos lú ná €30,000 d’fhéadfaí cúnamh deontais a thabhairt le haghaidh 95% (suas le €8,000) de chostas na n-oibreacha. Déanfar an cion de na costais as a dtabharfar cúnamh deontais a chaolú ó 95% síos go 30% dóibh siúd ag a bhfuil ioncaim bhliantúla teaghlaigh idir €50,001 agus €60,000.

Obair fheabhsúcháin in áit tithíocht shóisialta

Tríd an scéim um Obair Fheabhsúcháin in Áit Tithíocht Shóisialta (IWILS) ceadaítear d’údaráis áitiúla cóiríocht faoi úinéireacht phríobháideach a fheabhsú nó a shíneadh i gcás ina bhfuil faomhadh tugtha don iarratasóir le haghaidh tithíochta sóisialta agus go gceadódh na hoibreacha feabhsúcháin dóibh fanacht i gcóiríocht faoi úinéireacht phríobháideach in áit tithíochta sóisialta.

Má cháilíonn tú, déanfaidh an t-údarás áitiúil oibreacha chun an teach a oiriúnú nó chun seomraí leapa breise a sholáthar. Íocfaidh an t-údarás áitiúil as costas iomlán na n-oibreacha a dhéanfar agus ansin íocfaidh tú muirear leis an údarás áitiúil ar feadh 15 bliana ar a mhéid. I gcás cíosanna údaráis áitiúil, oibreofar an muirear amach ar bhealach cosúil leis an scéim cíosanna difreálacha, ionas go mbeidh sé bunaithe ar do chumas íoctha.

Iasacht Údaráis Áitiúil um Fheabhsúcháin Tí

D’fhéadfadh go gcuirfeadh roinnt údarás áitiúil iasachtaí ar fáil d’úinéirí tí i dtreo chostas na n-oibreacha riachtanacha chun a gcuid tithe reatha a fheabhsú, a dheisiú, nó a shíneadh.

Is féidir go mbeifeá incháilithe d’iasacht údaráis áitiúil um fheabhsúcháin tí más amhlaidh:

  • Nach féidir leat iasacht a fháil ó bhanc nó ó chumann foirgníochta.
  • Gur gá do theach a fheabhsú, a dheisiú nó a shíneadh mar gheall ar róphlódú, agus má tá d’ioncam faoi bhun tairsí áirithe.
  • Tá tú cláraithe ar liosta feithimh tithíochta le húdarás áitiúil.
  • Is tionónta údaráis áitiúil nó ceannaitheoir tionónta tú agus is mian leat teach príobháideach a cheannach agus an teach atá agat faoi láthair a thabhairt ar ais don údarás áitiúil.
  • Is tionónta tú ar feadh níos mó ná bliain i dteach a sholáthraíonn cumann tithíochta faoin Scéim um Fhóirdheontas Cíosa agus is mian leat teach príobháideach a cheannach agus an teach atá agat faoi láthair a thabhairt ar ais don údarás áitiúil.

Deontas um athsholáthar píobán luaidhe

Má tá píobáin luaidhe agus pluiméireacht i do theach ar gá a athsholáthar, d’fhéadfadh go mbeadh d’údarás áitiúil in ann deontas a thairiscint chun cabhrú leis an gcostas.

Chun bheith incháilithe ní mór go mbeifeá i d’úinéir ar an ionad réadmhaoine agus go mbeadh cónaí ort ann mar d’áit chónaithe phríobháideach phríomha agus ní mór duit fianaise a thaispeáint ar riosca d’éilliú luaidhe i do theach.

Soláthraíonn an deontas 100% de chostais suas le €5,000 chun píobáin luaidhe a athsholáthar ina iompraítear uisce óil i do theach. Ní dhéantar tástáil mhaoine lena aghaidh, agus cuirtear ar fáil é cibé acu go bhfaigheann tú d’uisce ó sholáthraí poiblí nó príobháideach uisce.

Déan teagmháil le d’údarás áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil.

Ceannach bunchíosa

Má ceannaíodh do theach ó údarás áitiúil agus más mian leat an bunchíos ar d’ionad réadmhaoine a cheannach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil.