Skip to main content
Menu

Má tá maoin agat atá oiriúnach do thithíocht shóisialta, b’fhéidir go mbeifeá in ann í a dhíol nó a ligean ar léas le d’údarás áitiúil.

Sa chuid seo

Díol leis an údarás áitiúil

Fáil

Má tá ionad réadmhaoine á dhíol agat atá oiriúnach do thithíocht shóisialta agus atá i gceantar ina bhfuil gá le tithíocht shóisialta, féadfaidh an t-údarás áitiúil é a cheannach uait. Más spéis leat d’ionad réadmhaoine a dhíol leis an údarás áitiúil, déan teagmháil leis an rannóg éadálacha i d’údarás áitiúil.

Scéim Cheannaigh agus Athnuaigh

Féadann údaráis áitiúla freisin aonaid réadmhaoine cónaithe foilmhe a cheannach ar gá iad a dheisiú faoin Scéim Ceannaigh agus Athnuachana agus na deisiúcháin a dhéanamh tar éis ceannaigh. Baineann an scéim sin le haonaid réadmhaoine atá folamh go fadtéarmach nó atá dearóil.

 Tuilleadh eolais ag Gov.ie/Vacancy

Ligean ar cíos leis an údarás áitiúil

Is féidir le húdaráis áitiúla socruithe a dhéanamh le haonaid réadmhaoine a ligean ar cíos ar bhonn fadtéarmach le húsáid mar thithíocht shóisialta. D’fhéadfadh go mbainfeadh sé sin le haonaid iolracha nó aonaid réadmhaoine aonair a ligean ar cíos.

Tá go leor tairbhí ag baint le haonad réadmhaoine a ligean ar cíos le húdarás áitiúil lena n-áirítear ioncam ráthaithe.

Deisiú agus ligean ar cíos

Cuirtear maoiniú ar fáil d’údaráis áitiúla chun aonaid réadmhaoine foilmhe a ligean ar cíos ar gá iad a dheisiú agus iad a thabhairt chuig an gcaighdeán cuí sula n-úsáidtear iad.

Má tá an t-aonad réadmhaoine oiriúnach do thithíocht shóisialta, is féidir le húdaráis áitiúla íocaíocht a dhéanamh roimh ré as deisiúcháin i gcás ina aontaíonn an t-úinéir é a ligean ar cíos leis an údarás áitiúil ar feadh tréimhse idir 5 bliana agus 25 bliana. Déantar costas na ndeisiúchán a chúiteamh in aghaidh na híocaíochta comhaontaithe as ligean ar léas go dtí go n-aisíoctar costas na n-oibreacha.

Tuilleadh eolais ag Gov.ie/Vacancy