Skip to main content
Menu

Oibríonn údaráis áitiúla go díreach le daoine aonair agus le teaghlaigh chun cabhrú leo bogadh amach as easpa dídine nó chun cosc a chur orthu a bheith gan dídean. Cuireann siad cóiríocht éigeandála ar fáil agus is féidir leo éarlaisí agus réamhíocaíochtaí cíos a thairiscint i dteannta le tacaíocht eile chun cabhair a thabhairt.

Sa chuid seo

Cad ba cheart a dhéanamh má tá tú gan dídean nó má tá baol ann go mbeidh tú gan dídean

Meastar go bhfuil tú gan dídean má bhaineann ceann de na gnéithe seo a leanas leat:

  • Níl aon chóiríocht ar fáil inar, dar leis an údarás áitiúil, leat féin agus le haon duine eile a mbíonn ina gcónaí leat de ghnáth fanacht inti go réasúnta ná fanacht inti
  • Tá cónaí ort in ospidéal, i dteach contae, tearmann oíche nó institiúid eile den sórt sin, agus tá cónaí ort ansin toisc nach bhfuil aon chóiríocht chuí ar fáil duit.
  • Dar leis an údarás áitiúil, níl tú in ann cóiríocht a fháil ó do chuid acmhainní féin

Má tá tú gan dídean nó má tá baol ann go mbeidh tú gan dídean, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil le haghaidh tacaíochta agus comhairle.

Is féidir le d’údarás áitiúil cabhrú le do chuid riachtanas a mheasúnú agus, más cuí agus más féidir, cóiríocht éigeandála a chur ar fáil.

Freisin beidh d’údarás áitiúil in ann tú a threorú agus tú ag déanamh iarratais ar thacaíocht tithíochta sóisialta. Cuirfear an fhíric go bhfuil tú gan dídean san áireamh agus an gá atá agat le tithíocht á mheasúnú.

Cóiríocht éigeandála agus shealadach

Soláthraíonn agus maoiníonn údaráis áitiúla cóiríocht éigeandála agus shealadach dóibh siúd atá gan dídean, lena n-áirítear moil teaghlaigh le haghaidh teaghlach ag a bhfuil leanaí.

Cuirtear an chóiríocht ar fáil mar fhreagairt éigeandála (gearrthéarmach) agus fad is atá tú i gcóiríocht éigeandála, beidh an t-údarás áitiúil ag plé leat chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna agus cóiríocht mhalartach a fhiosrú.

HAP do Dhaoine gan Dídean

Leis an Scéim HAP do Dhaoine gan Dídean cuirtear tacaí airgeadais agus tacaí gaolmhara breise ar fáil chun cabhrú le cóiríocht a fháil dóibh siúd atá gan dídean, i dteannta le tairbhí go léir an scéim náisiúnta HAP.

Soláthraíonn HAP do Dhaoine gan Dídean éarlais agus íocaíochtaí cíosa roimh ré agus rátaí iomaíocha chun cabhrú le hionaid réadmhaoine a fháil dóibh siúd atá gan dídean.

Ceadaíonn Seirbhís an Aimsitheora Áite ÍCT d’údaráis áitiúla cabhrú leo siúd atá i gcóiríocht éigeandála do dhaoine gan dídean le haon éarlais nó íocaíochtaí cíosa roimh ré a theastaíonn chun cóiríocht a fháil faoin. scéim ÍCT.