Skip to main content
Menu

Déanann údaráis áitiúla iniúchadh ar chórais chóireála fuíolluisce tí (DWWTS, ar a dtugtar dabhcha séarachais) chun a chinntiú go bhfuil siad ag obair i gceart agus nach gcuireann siad cáilíocht an uisce talún ná dromchla i mbaol. Má aimsíodh locht i do chóras tar éis iniúchadh údarás áitiúil, b'fhéidir go mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar dheontas chun an córas a dheisiú, a uasghrádú nó a athsholáthar.

Ar fáil do
Úinéirí Tí
Ag baint le
Seirbhísí Uisce
Luach an chiste

€12,000

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas a dhéanamh ar an deontas, beidh ort litir a fuair tú ó d'údarás áitiúil a chur ar fáil a léiríonn gur aimsíodh locht i do chóras le linn an iniúchta.

 Chun a bheith incháilithe, ní mór do theach a bheith in úsáid go buan. Ní féidir leis a bheith ina theach saoire.  Is gá gur tógadh an teach ar a laghad 7 mbliana ó shin, agus nach bhfuarthas deontas DWWTS le 7 mbliana anuas.

Ní cháilítear costais maidir le gnáthchothabháil, seirbhísiú ná baint sloda DWWTS le haghaidh deontais.

Cé mhéad airgid atá ar fáil?

Clúdaíonn deontais 85% de chostas na n-oibreacha a theastaíonn chun do DWWTS a shocrú, suas le huasmhéid €12,000.

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach?

Chun iarratas a dhéanamh ar dheontas DWWTS nó chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis an rannóg uisce tuaithe de chuid an údaráis áitiúil.

Cén uair a n-íocfar an deontas?

Íocfar an deontas nuair a bheidh na hoibreacha curtha i gcrích go sásúil.