Skip to main content
Menu

Is féidir le húdaráis áitiúla cigireacht a dhéanamh ar shaoráidí bheaga próiseála feola agus seamlas lena chinntiú go gcomhlíonann siad caighdeáin leasa ainmhithe agus sábháilteachta bia.

Ag brath ar a méid, ní mór do sheamlais na hÉireann a bheith faoi mhaoirseacht údarás áitiúil an limistéir ina bhfuil siad lonnaithe, nó an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

  • Tá údaráis áitiúla freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar sheamlais bheaga agus ar áiseanna próiseála feola. Déanann siad cigireacht ar na háiseanna seo lena chinntiú go gcomhlíonann siad caighdeáin sábháilteachta bia agus leasa ainmhithe, éascaíonn siad iniúchtaí, bailíonn siad agus tuairiscíonn siad sonraí, agus imscrúdaíonn siad ráigeanna de ghalair bhia-iompartha.
  • Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na seamlais níos mó agus ar áiseanna próiseála feola. Le haghaidh tuilleadh sonraí tabhair cuairt ar www.pointofsinglecontact.ie.

Ceadúnas seamlais

Ní mór d’aon duine atá ag iarraidh seamlas beag a oscailt iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ar cheadúnas seamlais. Moltar dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil go luath agus pleananna a chur isteach roimh an tógáil. Beidh ar an údarás áitiúil sonraí a fheiceáil faoin bhfoirgneamh atá beartaithe, agus sonraí faoin gcaoi a ndéanfar an seamlas a bhainistiú nuair a osclófar é.

Eiseoidh an t-údarás áitiúil faomhadh coinníollach ar dtús, agus má tá an áis á reáchtáil go sásúil, eiseofar faomhadh deiridh laistigh de thrí go sé mhí. Déan teagmháil le d’údarás áitiúil chun eolas iomlán a fháil ar an bpróiseas chun ceadúnas seamlais a eisiúint.