Skip to main content
Menu

Is ábhar áthais iad na madraí. Mar a thuigeann aon úinéir madra a bhfuil taithí acu, áfach, bíonn leibhéal suntasach freagrachta i gceist leo. Roimh duit madra a fháil, ní mór duit a chur san áireamh a fheabhas a bheidh tú in ann an fhreagracht seo a bhainistiú do na blianta ar fad atá le teacht. Tá rialacha ann freisin maidir le smacht madraí agus ceadúnas a mbeidh ort eolas a chur orthu.

A luaithe a fhaigheann tú madra tá tú freagrach as dídean, bia, uisce agus cúram tréidliachta a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil a sholáthar dó. Caithfidh tú smacht ceart a bheith agat ar an madra i gcónaí, agus ceanglaítear ort micrishlis a chur ann agus clib aitheantais le do chuid sonraí teagmhála a sholáthar dó freisin. Caithfidh tú ceadúnas madraí a bheith agat do gach madra a bhaineann leat.

Cuireann na húdaráis áitiúla na rialacha seo i bhfeidhm faoin Acht um Rialú Madraí, 1986 agus 1992. I measc cuid de na bealaí a dhéantar é seo ná:

  • Maoir mhadraí a cheapadh
  • Foscadáin mhadraí a reáchtáil
  • Fíneálacha ar an láthair a fhorchuir do nithe ar nós salú ag madraí
  • Imeachtaí cúirte a thionscain i gcoinne úinéirí madraí, más riachtanach

Conas a fhaighim ceadúnas madraí?

Caithfidh madraí thar ceithre mhí d’aois ceadúnas madraí a bheith acu. Is féidir lear do cheadúnas madraí a ordú ag oifig an phoist nó ar líne ag licences.ie. Ansin seolfaidh d’údarás áitiúil an ceadúnas chugat.

Tá trí chineál ceadúnais madraí ar fáil:

  • Ceadúnas madraí saoil. Tá costas €140 ar an gceadúnas seo agus tá sé bailí do shaol iomlán an mhadra.
  • Ceadúnas bliana madraí. Tá costas €20 ar an gceadúnas seo agus tá sé bailí do 12 mhí. Tar éis 12 mhí, má tá an madra fós agat beidh ort athnuachan a dhéanamh ar an gceadúnas ar feadh 12 mhí eile nó malartú go ceadúnas saoil.
  • Ceadúnas ginearálta madraí Clúdaítear go leor madraí in aon láthair amháin leis an gceadúnas seo, amhail cróite madraí. Tá sé bailí ar feadh 12 mhí agus tá costas €400 air. Ní mór duit iarratas a dhéanamh go díreach go dtí d’údarás áitiúil le haghaidh an cineál ceadúnais seo toisc nach bhfuil sé ar fáil trí oifig an phoist nó ar líne.

Maoir mhadraí

Tá an maor madraí freagrach as na dlíthe maidir le úinéireacht mhadraí a chur i bhfeidhm agus as aire a thabhairt do mhadraí fáin agus nach bhfuil ag teastáil trí iad a thabhairt chuig foscadán nó, más féidir iad a thabhairt ar ais le chéile lena n-úinéirí.

Is féidir le maoir mhadraí fíneálacha a eisiúint d’úinéirí mura bhfuil rialacha agus rialacháin úinéireacht mhadraí á gcomhlíonadh acu. Is iad seo a leanas na rialacha sin:

  • Caithfidh tú ceadúnas madraí a bheith agat do ach madra a bhaineann leat thar ceithre mhí d’aois, agus caithfidh tú an ceadúnas seo a chur i láthair don mhaor madraí nuair a iarrtar ort
  • Caithfidh tú glantachán a dhéanamh i ndiaidh do mhadra - is cion é gan glantachán a dhéanamh nuair a shalaíonn do mhadra in áit phoiblí
  • Caithfidh tú smacht a bheith agat ar do mhadra i gcónaí
  • Caithfidh micrishlis a bheith ag do mhadra agus caithfidh sé a bheith cláraithe leatsa
  • Caithfidh do mhadra coiléar a chaitheamh i gcónaí agus clibe aitheantais le do chuid sonraí teagmhála
  • Más rud é go bhfuil pór srianta agat, caithfidh tú na rialacha a leanúint lena n-áirítear an madra a choimeád faoi smacht i gcónaí, an madra choimeád ar éill ghairid agus musal a chur ar an madra le linn dó a bheith in áiteanna poiblí.

Pórtha Srianta

Is iad seo a leanas na pórtha madraí a bhreithnítear mar ‘pórtha srianta’:

  • Tarbh-bhrocaire Meiriceánach
  • Tarbh-bhrocaire Sasanach
  • Tarbh-bhrocaire Staffordshire
  • Tarbhmhaistín
  • Pinséir Dobermann
  • Rótvaidhléir
  • Sípéir Gearmánach (Alsáiseach)
  • Dronnach Róidéiseach
  • Aicíte Sheapánach
  • Tósa Seapánach
  • Iallmhadra

Más rud é go bhfuil pór srianta agat, caithfidh tú na rialacha a leanúint lena n-áirítear an madra a choimeád faoi smacht i gcónaí, an madra choimeád ar éill ghairid agus musal a chur ar an madra le linn dó a bheith in áiteanna poiblí.

Fíneálacha agus Pionóis

Tá pionóis ann nuair a nach gcomhlíontar dlíthe úinéireachta madraí. Áirítear leo seo, fíneálacha ar an láthair idir €150 agus €300 ag brath ar an gcion. Mura n-íocann tú an fhíneáil ar an láthair, féadfar tú a ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche agus fíneáil suas le €2,500 a fháil nó suas le 3 mhí sa phríosúin a fháil nó an dá rud.

Foscadáin mhadraí údaráis áitiúil

Is féidir madraí fáin agus nach bhfuil ag teastáil a thabhairt go foscadáin mhadraí áit a ndéanfar iarracht an madra agus an t-úinéir a thabhairt ar ais le chéile nó úinéir nua a fháil do mura féidir teacht ar an úinéir nó más rud é go dtugtar an madra suas.

Breithnítear ar mhadra mar ‘mhadra fáin’ má tá sé leis féin sa phobal gan a bheith i gcomhluadar úinéara nó duine freagrach eile. Is féidir leis an maor madraí nó na Gardaí madraí fáin a urghabháil agus iad a choimeád ag foscadán madraí. Is féidir úinéir nua a fháil don mhadra mura n-éilíonn an úinéir iad tar éis cúig lá.

Madra a thabhairt isteach ó fhoscadán

Má tá suim agat madra a tharrtháil, tá foscadáin lán de mhadraí a bhfuil úinéir nua á lorg acu. Roinneann go leor foscadáin pictiúir agus eolas ar na leathanaigh mheán sóisialta maidir le madraí atá ar fáil chun úinéir nua a fháil, nó is féidir socruithe a dhéanamh chun cuairt a thabhairt ar an bhfoscadán chun bualadh leis na madraí atá ag fanacht ar úinéir nua.

A luaithe a aimsíonn tú madra a theastaíonn uait a thabhairt abhaile, beidh ort comhaontú a shíniú leis an bhfoscadán agus táille bheag a íoc. Beidh ceadúnas madraí agus micrishlis san áireamh sa táille seo de ghnáth. Tá sé tábhachtach a chinntiú go bhfuil an micrishlis cláraithe leatsa agus le do sheoladh baile. Is féidir leat iarraidh ar thréidlia an micrishlis a sheiceáil duit chun a chinntiú go bhfuil na sonraí i gceart.

Is freagracht mhór é madra a thabhairt isteach, agus tá sé tábhachtach go gcinntíonn tú gur úinéir freagrach thú. Cinntigh go bhfuil smacht agat ar do mhadra i gcónaí, agus pioc suas i ndiaidh do mhadra nuair a théann siad go dtí an leithreas in áit phoiblí. Cinntigh go bhfuil coiléar á chaitheamh ag do mhadra i gcónaí agus clibe aitheantais le do chuid sonraí teagmhála.

Tá mo mhadra imithe ar iarraidh Cad a dhéanfaidh mé?

Má tá do mhadra imithe ar iarraidh, ba chóir duit seiceáil le do chuid comharsan agus gnólachtaí i do cheantar áitiúil le fáil amach an bhfuil a fhios acu cá bhfuil do mhadra. Mura n-éiríonn leis seo, téigh i dteagmháil leis an maor madraí, foscadán madraí an údaráis áitiúil agus aon tarrtháil sa cheantar agus do thréidlia áitiúil chun iad a chur ar an eolas faoin áit dheireanach a chonacthas an madra. Déan an méid is mó eolais agus is féidir a sholáthar, lena n-áirítear, an pór, dath, méid, inscne agus aois an mhadra mar aon leis na sonraí ar an gcoiléar agus clibe agus a n-uimhir mhicrishlise. Tá pictiúr le déanaí den mhadra cabhrach freisin.

Má thagann an maor madraí nó ball den phobal ar do mhadra agus tugtar go foscadán údaráis áitiúil, tá cúig lá agat chun an madra a fháil ar ais sular féidir leis an foscadán úinéir nua a thabhairt dóibh go dlíthiúil. Beidh ort cruthúnas ar úinéireacht a chur ar fáil agus táillí a íoc do na hoícheanta a chaith do mhadra san fhoscadán sular scaoileadh leo.

Pórú madraí

Má tá sé nó níos mó madraí baininscneacha thar sé mhí d’aois agus cumasach pórú a dhéanamh ag áitreabh, ceanglaítear ar an úinéir iarratas a dhéanamh leis an údarás áitiúil a bheith curtha leis an gClár de Bhunachais Pórúcháin Madraí. Is féidir leis an údarás áitiúil imscrúdú a dhéanamh ar an áitreabh.

Má éiríonn leis an iarratas, bronnfar teastas ar an úinéir lena leagtar amach na sonraí maidir leis an gclárúchán lena n-áirítear an mó madra baininscneach thar sé mhí d’aois ar féidir a choimeád ag an áitreabh , agus aon choinníollacha eile ceangailte leis an gclárúchán.