Skip to main content
Menu

Tá na húdaráis áitiúla freagrach as bainistíocht bhruscair agus dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le dumpáil mhídhleathach.

Sa chuid seo

Bainistíocht Bhruscair

Tá d’údarás áitiúil freagrach as áiteanna poiblí a choinneáil glan agus saor ó bhruscar. Áirítear iad seo a leanas:

  • Glantachán sráide
  • Boscaí bruscair a sholáthar
  • Boscaí bruscair a fholmhú
  • Rialacha agus rialacháin a fhorfheidhmiú maidir le caitheamh bruscair (an dlí a thionscnamh i gcoinne daoine nach bhfuil an dlí á leanúint acu)
  • Forfheidhmiú fhíneálacha caithimh bruscair

Beidh plean bainistithe caithimh bruscair ag d’údarás áitiúil Déantar monatóireacht ar chaitheamh bruscair i do cheantar don Scéim Náisiúnta Faireacháin ar Thruailliú ó Bhruscar, agus is féidir leo tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh phobail a bhfuil sé mar aidhm acu aghaidh a thabhairt ar chaitheamh bruscair amhail comórtas na mBailte Slachtmhara.

Déanann údaráis áitiúla rialacha a fhorfheidhmiú maidir leis an méid seo a leanas freisin:

  • Salú madraí
  • Póstaeir agus comharthaí ar chuaillí agus foirgnimh eile in áiteanna poiblí
  • Fógráin agus Duillíní a dháiltear ar an tsráid
  • Tobhach málaí plaisteacha maidir le málaí siopadóireachta
  • Fíneálacha le haghaidh caithimh bruscair

Féadfaidh maoir bhruscair an údaráis áitiúil agus Gardaí fíneálacha a ghearradh le haghaidh caithimh bruscair D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo:

  • €150 ar an láthair
  • Suas le €4,000 má chiontaítear sa Chúirt Dúiche
  • Suas le €600 do gach lá a chaitheann tú bruscair i ndiaidh ciontaithe mar gheall ar chaitheamh bruscair
  • Suas le €130,000 ar an láthair más cúis truaillithe comhshaoil é agus €10,000 in aghaidh an lae mar gheall ar leanúint leis na cionta

Má chiontaítear sa Chúirt Dúiche thú mar gheall ar chaitheamh bruscair, féadfaidh go mbeidh ort costais dlí an údaráis áitiúil a íoc.

Gearán a dhéanamh maidir le bruscair

Más mian leat gearrán a dhéanamh maidir le bruscar i do cheantar, nó bosca bruscair poiblí a iarradh, téigh i dteagmháil leis Oifig Bhainistíocht Dramhaíola ag d’údarás áitiúil.

Dumpáil mhídhleathach a thuairisciú

Tá sé de cheangal ar theaghlaigh agus gnólachtaí a ndramhaíl a dhiúscairt i gceart trí sholáthróir bailithe dramhaíola údaraithe nó trí a gcuid dramhaíola a thabhairt go saoráid bainistiú dramhaíola údaraithe.

Tá údaráis áitiúla freagrach as an dlí agus na rialacháin a fhorfheidhmiú maidir le dramhaíl agus dumpáil.

Má fheiceann tú, nó má mheasann tú go bhfuil duine ag dumpáil a ndramhaíl go mídhleathach, is féidir é seo a thuairisciú go dtí d’údarás áitiúil lena imscrúdú. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Líne Ghearáin Comhshaoil Náisiúnta 24 uair freisin ag 1850 365 121 agus cuirfidh siadsan do thuairisc ar aghaidh chuig d’údarás áitiúil nó comhlacht ábhartha eile.

Feithiclí Tréigthe

Má mheasann tú gur tréigeadh carr, is féidir leat é seo a thuairisciú go dtí an údarás áitiúil a dhéanfaidh imscrúdú air, agus más gá, bainfear an fheithicil.

Chun tuairisc a dhéanamh, beidh ort an suíomh beacht a thabhairt, mar aon leis an déanamh, múnla, agus clárúchán na feithicle (má tá seo ar fáil). Déanfaidh an t-údarás áitiúil iniúchadh air seo agus rachfar i dteagmháil leis an úinéir cláraithe chun fáil amach dá mba rud é gur tréigeadh an fheithicil. D’fhéadfaidís fógra a chur ar an gcarr freisin ag fógairt go meastar go bhfuil an carr tréigthe agus go bhféadfaí é a bhaint.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil maidir le tuairisc a dhéanamh ar an gcuid comhshaoil nó dramhaíola de shuíomh gréasáin d’údarás áitiúil.

Rothair tréigthe

Is féidir leat tuairisc a dhéanamh freisin má chreideann tú go bhfuil rothar tréigthe. Breithnítear go bhfuil rothar tréigthe de ghnáth nuair atá drochbhail air a bhfuil páirteanna ar iarraidh nó briste aige, nó má tá sé fágtha gan úsáid ar feadh tréimhse fada. Agus an tuairisc á dhéanamh agat, beidh ort faisnéis a bheith agat maidir le déanamh, múnla agus dath an rotha agus aon ghnéithe sainiúla eile, mar aon leis an suíomh beacht.

Déanfaidh an t-údarás áitiúil iniúchadh air seo agus d’fhéadfaí clibe a chur ar an rothar chun a chur in iúl don úinéir go bhféadfaí é a bhaint.