Skip to main content
Menu

Tá d’údarás áitiúil freagrach as cinntiú go bhfuil rochtain ag gach teaghlach agus gnólacht ar sheirbhísí bailithe agus diúscartha dramhaíola cearta.

Sa chuid seo

Cineálacha dramhaíl tí

Is iad seo a leanas na trí chineál dramhaíl tí a féidir a bhailiú ó do thigh de ghnáth:

  • Dramhaíl ghinearálta
  • Dramhaíl in-athchúrsáilte
  • Dramhaíl ghinearálta (bia agus gairdín)

An tslí a ndéantar dramhaíl tí a bhailiú in Éirinn

Bailíonn bailitheoirí údaraithe príobháideacha dramhaíl ó theaghlaigh. Ní mór do gach bailitheoir ceadúnas bailithe dramhaíola bailí a bheith acu. Is féidir liosta de bhailitheoirí áitiúla a fháil ar shuíomh gréasáin an NWCPO .

Bailítear an dramhaíl uair nó dhó sa tseachtain, agus bailítear cineálacha éagsúla dramhaíola ar laethanta éagsúla. Mar shampla, féadfaidh dramhaíl ghinearálta agus orgánach a bhailiú ar lá éagsúil ó dhramhaíl in-athchúrsáilte thirim.

Ba chóir don soláthróir bailithe dramhaíola córas a sholáthar chun do chuid dramhaíola a stóráil agus a bhailiú. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo:

  • Araidí rothaí (uaireanta roinnte le dathanna)
  • Málaí bruscair a bhfuil clib nó lipéad réamhíoctha orthu
  • Córas bruscair comhchoiteann

Ba chóir don soláthróir bailithe dramhaíola sonraí a thabhairt duit mar gheall ar an bealach do chuid dramhaíola a scaradh óna chéile agus cén lá a chuirtear amach na haraidí éagsúla amach le bailiú.

Is féidir a thuilleadh a fhoghlaim freisin faoi na cineálacha dramhaíola éagsúla agus conas do dhramhaíl a scaradh i gceart ag mywaste.ie

Seirbhís Bailiúchán na nAraidí Donna

Is féidir le gach teaghlach leas a bhaint as seirbhís bailiúchán na n-araidí donna le haghaidh dramhaíl orgánach, lena n-áirítear daoine a bhfuil cónaí orthu in árasáin agus daoine a bhfuil cónaí orthu in áiteanna iargúlta. Fiafraigh de do sholáthróir bailithe dramhaíola maidir le araid donn a fháil. Mura chuirtear ceann ar fáil duit, téigh i dteagmháil leis an aonad bainistíochta ag d’údarás áitiúil chun iarraidh orthu idirghabháil a dhéanamh ionas go gcuirfear araid donn ar fáil duit.

Táillí Bailithe Dramhaíola

Beidh rátaí éagsúla agus struchtúir tháille ag soláthróirí bailithe dramhaíola.

Gearrtar bailiúchán de réir meáchain (a throime atá an araid nuair a bhailítear é) nó táille in aghaidh an ardaitheora (costas socraithe gach uair a bhailítear d’araid). Cuireadh deireadh de réir a chéile le rátaí comhréidh. Ba chóir go ndéanfar aon duine a bhfuil conradh ráta comhréidh acu a mhalartú go conradh bunaithe ar mheáchan nó conradh in aghaidh an ardaitheora nuair atá an conradh reatha curtha i gcrích.

An tslí ina mbíonn údaráis áitiúla ag obair i gcomhar lena chéile maidir le bainistiú dramhaíola

Is tasc coimpléascach é an bainistiú dramhaíola. Déanann teaghlaigh agus gnólachtaí méideanna dramhaíola suntasacha a ghineadh gach lá, agus caithfear é a bhainistiú go sábháilte, ar bhealach inbhuanaithe agus i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta agus Eorpach.

Chun na dúshláin a bhainistiú ar mbealach is fearr, oibríonn údaráis áitiúla i gcomhar lena chéile ar phleanáil bainistiú dramhaíola, agus é seo á chomhordú ag a n-oifig bainistíochta dramhaíola réigiúnach.

Tá gach údarás áitiúil mar chuid d’oifig bainistíochta dramhaíola réigiúnach. Tá trí cinn ar fad de na hoifigí seo ina gclúdaítear na réigiúnacha seo a leanas; Connachta, Uladh, an Deisceart agus réigiún an Oirthir agus Lár Tíre. Tá na hoifigí seo freagrach as pleananna bainistíochta dramhaíola réigiúnach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm dá gceantair faoi seach.

Ionaid fág anseo agus ionaid athchúrsála

Bíonn ionaid athchúrsála, ionaid fóntas poiblí agus ionaid fá anseo á bhfeidhmiú ag go leor údaráis áitiúla, áit ar féidir leat earraí áirithe a dhiúscairt.

Ionaid Fág Anseo

Is suíomhanna iad na hionaid fág anseo gur féidir leat cineálacha dramhaíola áirithe a thabhairt agus iad a chur isteach in araidí éagsúla, saor in aisce. I measc na n-earraí is coitianta gur féidir leat a dhiúscairt ag na hionaid fág anseo tá buidéil ghloine, cannaí agus éadaí. Tá ionaid fág anseo ar oscailt 24 uair agus is féidir iad a aimsiú in áiteanna áisiúla cosúil le clóis pháirceála, i mbailte agus cathracha ar fud na tíre.

Is é an t-údarás áitiúil a bhainistíonn an chuid is mó de na hionaid fág anseo. Is minic a bhainistíonn gnólacht phríobháideach bailiúcháin éadaí, áfach.

Ionaid athchúrsála

Tá go leor ionaid athchúrsála lonnaithe ar fud na tíre. Sna hionaid athchúrsála, glactar le réimse níos leithne earraí ná na hionaid fág anseo agus bíonn baill foirne a obair ann de ghnáth agus bíonn sé ar oscailt ag amanna agus laethanta socraithe.

Is minic a bhíonn sé saor in aisce formhór na n-earraí a athchúrsáil ag ionaid athchúrsála, ach d’fhéadfadh táille a bheith ann do roinnt earraí. Tá roinnt ionaid athchúrsála ina n-éilítear táille iontrála beag, is minic a ghearrtar é seo in aghaidh feithicle. Déan cinnte fáil amach má tá aon chostais ag baint leis na hearraí a mbeidh á athchúrsáil agat sula dtéann tú ann.

Is iondúil gur féidir dramhaíl pacáistithe, dramhaíl leictreonach agus nithe amhail gloine, cannaí agus buidéil a athchúrsáil saor in aisce. Is féidir glacadh le nithe toirtiúla le hathchúrsáil ar tháille beag nó in aghaidh feithicle. Ní ghlactar le nithe toirtiúla i ngach ionad athchúrsála, mar sin, cinntigh fáil amach cad leis a nglactar sula dtéann tú ann.

Bíonn difríochtaí ó ionad go hionad maidir leis na cineálacha nithe a nglactar leo. Féadfaidh go nglacfaidh ionaid athchúrsála leis na nithe seo a leanas:

  • Dramhaíl pacáistithe (amhail páipéar, cairtchlár, plaisteach agus mar sin de)
  • Gloine
  • Cannaí agus buidéil phlaisteacha
  • Dramhaíl gharraíodóireachta
  • Dramhbhia

Cuir glaoch roimh ré chun fáil amach más rud go nglacfaidh d’ionad athchúrsála leis na hearraí seo a leanas:

  • Dramhaíl thoirtiúil le haghaidh athchúrsála
  • Trealamh beag leictreonach

Bíonn difríochtaí ó ionad go hionad i gceist leis na nithe a nglactar leo - déan cinnte fáil amach cad leis a nglactar ag d’ionad athchúrsála nó ionad fág anseo áitiúil sula dtéann tú ann.

Faigh eolas maidir le hionaid athchúrsála agus ionaid fág anseo gar duitse trí chuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin d’údarás áitiúil nó ag mywaste.ie.

Ionaid Fóntas Poiblí

Glactar le réimse níos leithe earraí in ionaid fóntas poiblí ná in ionaid athchúrsála. Mar aon le hearraí athchúrsála caighdeánacha (amhail páipéar, cairtchlár agus gloine) agus dramhaíl garraíodóireachta, i measc earraí gur féidir leat a dhiúscairt ag ionaid fóntas poiblí tá:

  • Dramhaíl ghuaiseach tí
  • Trealamh leictreonach agus earraí bána
  • Dramhaíl thoirtiúil

Dramhaíl ghuaiseach tí a dhiúscairt

Áirítear an méid seo a leanas le dramhaíl ghuaiseach tí:

  • Péint
  • lotnaidicídí, luibhicídí agus leasacháin gharraíodóireachta
  • Táirgí agus ceimiceáin glantacháin
  • Cadhnraí
  • Ola agus táirgí bunaithe ar ola
  • Aerasóil

Is féidir dramhaíl ghuaiseach a thabhairt go dtí d’ionad fóntas poiblí áitiúil chun é a dhiúscairt i gceart. Faigh amach faoi dhramhaíl ghuaiseach a dhiúscairt cén áit teacht ar ionad fóntas poiblí ó d’údarás áitiúil.

Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) a dhiúscairt

Is féidir le d’údarás áitiúil dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) a dhiúscairt saor in aisce. Glactar le táirgí DTLL saor in aisce ag pointí seachadta DTLL, lena n-áirítear miondíoltóirí leictreacha.

Faigh amach daoi dramhaíl leictreach a dhiúscairt i gceart agus eolas faoi cá háit teacht ar an bpointe seachadta nó ionad fóntas poiblí is giorra duit ag mywaste.ie.

Dramhaíl thoirtiúil a dhiúscairt

Áirítear le dramhaíl thoirtiúil:

  • Troscán
  • Cairpéid
  • Aonaid chistine
  • Aonaid seomra folctha
  • Rothair
  • Earraí eile atá ró-mhór don bhailiú dramhaíola ginearálta

Is féidir le d’údarás áitiúil do dhramhaíl thoirtiúil a dhiúscairt ag d’ionad fóntas poiblí áitiúil. D’fhéadfadh na cineálacha earraí a nglactar leo in ionad fóntas poiblí a bheith difriúil ó áit go háit, mar sin cinntigh fáil amach cad leis a nglactar sula dtéann tú ann.

Socraíonn roinnt údaráis áitiúla laethanta bailiúcháin dhramhaíl thoirtiúil. Ní chóir dramhaíl thoirtiúil a fhágáil amach ach ar laethanta bailiúcháin oifigiúla a eagraíonn d’údarás áitiúil amháin.

Faigh eolas maidir le do chuid roghanna maidir le dramhaíl thoirtiúil a dhiúscairt trí d’údarás áitiúil.