Skip to main content
Menu

Is féidir le húdaráis áitiúla cúnamh deontais a sholáthar do mhionoibreacha chun dul i ngleic le fadhbanna soghluaisteachta i dtithe faoi úinéireacht phríobháideach.

Ar fáil do
Daoine Aonair
Úinéirí Tí
Ag baint le
Tithíocht

Cad dó ar féidir an maoiniú a úsáid?

Ceadaíonn Deontas Áiseanna Soghluaisteachta do cheannach agus suiteáil greimráillí, cithfholcadáin le rochtain chomhréidh, rampaí rochtana agus cathaoireacha staighre agus mionoibreacha riachtanacha eile.

Cé mhéad atá ar fáil?

Tá an deontas seo tástáilte ó thaobh acmhainne agus níl sé ar fáil ach dóibh siúd a bhfuil ioncam teaghlaigh níos lú ná €30,000 in aghaidh na bliana acu. Is é an t-uasdeontas atá ar fáil ná €6,000, a d’fhéadfadh 100% de chostas na hoibre a chlúdach.

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Tá an deontas seo le haghaidh daoine a bhfuil sé deacair orthu gluaiseacht timpeall an tí i ngeall ar fhadhbanna soghluaisteachta.

Is féidir le húinéirí-áititheoirí agus tionóntaithe fadtéarmacha d’árais chónaithe iarratas a dhéanamh don scéim. Le cáiliú, ní mór don teach lena mbaineann a bheith mar an teach a mbíonn tú ag cur fút ann de ghnáth. Mura tusa an t-úinéir, ní mór duit cead a fháil chun na hoibreacha a dhéanamh.

Conas iarratas a dhéanamh?

Déan an fhoirm iarratais a íoslódáil ón rannóg maidir le deontais tithíochta ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil. Féadfaidh tú freisin dul i dteagmháil le d’údarás áitiúil agus iarraidh orthu an fhoirm a sheoladh chugat. Nuair a líonann tú amach an fhoirm agus nuair a sheolann tú ar ais í, déanfaidh d’údarás áitiúil d’iarratas a mheas.