Skip to main content
Menu

Cuidíonn an scéim seo le tionóntaithe na n-údarás áitiúil oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar a dteach.

Ar fáil do
Daoine Aonair
Ag baint le
Tithíocht

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Is féidir le tionóntaithe na n-údarás áitiúil ar mian leo feabhsuithe a dhéanamh ar an teach s’acu iarratas a dhéanamh don deontas seo. Le bheith incháilithe don scéim, ní mór do chíos na réadmhaoine a bheith cothrom le dáta.

Nuair a bronntar an deontas, is gnách go mbíonn an tionóntaí freagrach as an obair a eagrú agus an conraitheoir a íoc roimh ré. Nuair atá an obair curtha i gcrích, déanfaidh an t-údarás áitiúil cigireacht agus ansin déanfaidh siad íocaíocht leis an tionóntaí.

Cé mhéad atá ar fáil?

De ghnáth, chumhdóidh an tsuim a chuirfear ar fáil cion suntasach de chostais na n-oibreacha, ach ní chumhdófar na costais uile. D’fhéadfadh go n-athróidh an méid atá ar fáil ag brath ar ghlacadh leis an scéim i limistéar an údaráis áitiúil, agus d’fhéadfadh sé athrú de réir bliana. Seiceáil le d’údarás áitiúil le haghaidh treoirlínte sula ndéanann tú iarratas.

Cad dó ar féidir an maoiniú a úsáid?

Is féidir leis an scéim oibreacha laistigh agus lasmuigh araon a chumhdach. I measc samplaí de sin tá péintéireacht agus maisiú, insliú, uasghrádú fuinneog agus doras.

Déanann gach údarás áitiúil an scéim seo a bhainistiú leis féin, agus d’fhéadfadh na coinníollacha a bhaineann leis an deontas athrú. Déan seiceáil le d’údarás áitiúil chun sonraí a fháil.

Conas iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le roinn tithíochta d’údaráis áitiúil chun foirm iarratais a fháil.