Skip to main content
Menu

Tá os cionn 480,000 solas poiblí ar fud na tíre, rud a chuireann feabhas ar shábháilteacht agus ar shlándáil spásanna poiblí i rith na hoíche. Cosnaíonn sé níos mó ná €56 milliún in aghaidh na bliana chun na soilse sin a oibriú, agus tá siad freagrach as leath den fhuinneamh go léir a ídíonn údaráis áitiúla.

Is é an sprioc atá leis an Tionscadal Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh Soilsithe Poiblí an soilsiú poiblí a athrú go teicneolaíocht LED i ngach limistéar údaráis áitiúil atá páirteach ann. Déanfar an soilsiú poiblí i bhfad níos tíosaí ar fhuinneamh leis sin, agus ginfear coigilteas suntasach ar chostais fuinnimh leis.

Cén fáth a bhfuil soilse LED níos fearr?

Tá roinnt cúiseanna ann le go bhfuil soilse LED níos fearr ná soilse traidisiúnta. Tá siad chomh geal le soilse poiblí traidisiúnta ach úsáideann siad thart ar leath an mhéid fuinnimh. Maolaíonn siad freisin ag na hamanna cuí, rud a d'fhéadfadh 7% eile a chur le héifeachtúlacht 26%.

Tá sé níos saoire soilse LED a oibriú. Nuair a bheidh an t-athrú go teicneolaíocht LED críochnaithe, tiocfaidh laghdú thart ar 50 faoin gcéad ar chostais fuinnimh na n-údarás áitiúil. Ina theannta sin, is féidir le bolgáin LED maireachtáil suas le 20 bliain mar sin ní gá iad a athrú chomh minic le bolgáin traidisiúnta. Ciallaíonn sé sin costais chothabhála leanúnacha níos ísle.

De dheasca dul chun cinn i dteicneolaíocht LED freisin, le soilsiú LED, déantar laghdú ar thruailliú solais, feabhsaítear an tsábháilteacht phoiblí agus feabhsaítear an timpeallacht amhairc i gcomparáid leis an soilsiú traidisiúnta.

Cén tionchar a bheidh ag an tionscadal seo?

Uasghrádófar leis an tionscadal thart ar 205,000 solas poiblí trí infheistíocht dar luach €150 milliún. Ídíonn na soilse sin 123 milliún kWh fuinnimh in aghaidh na bliana faoi láthair.

Nuair a bheidh an tionscadal críochnaithe, sábhálfar 68 milliún kWh i bhfuinneamh, déanfar laghdú 20,000 tona ar astaíochtaí CO2, agus déanfar laghdú €12 milliún in aghaidh na bliana ar chostais fuinnimh agus chothabhála na n-údarás áitiúil.

Conas atá an tionscadal seo á chur i bhfeidhm?

Tá 21 údarás áitiúil ag glacadh páirt sa tionscadal ar an iomlán. Tá siad roinnte ina dtrí réigiún: An Deisceart, an tOirthear agus an tIarthuaisceart. Tá údarás áitiúil amháin i gceannas ar rolladh amach an tionscadail i ngach réigiún.

I Réigiún an Deiscirt is é Comhairle Contae Chorcaí an príomhúdarás áitiúil, agus is iad seo a leanas na húdaráis áitiúla atá páirteach: Comhairle Contae an Chláir, Comhairle Contae Chiarraí, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, agus Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge. Athrófar 77,000 soilse poiblí go LED sa réigiún sin.

Is í Comhairle Contae Chill Chainnigh an príomhúdarás áitiúil do Réigiún an Oirthir, agus is iad seo a leanas na húdaráis áitiúla atá páirteach: Comhairle Contae Cheatharlach, Comhairle Contae Chill Dara, Comhairle Contae Lú, Comhairle Contae na Mí, Comhairle Contae Uíbh Fhailí, Comhairle Contae Thiobraid Árann, Comhairle Contae na hIarmhí, agus Comhairle Contae Chill Mhantáin. Leis an tionscadal, athrófar 83,000 solas go LED sa réigiún seo.

I Réigiún an Iarthuaiscirt is é Comhairle Contae Mhaigh Eo an príomhúdarás áitiúil, agus is iad seo a leanas na húdaráis áitiúla atá páirteach:  Comhairle Contae an Chabháin, Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Contae na Gaillimhe, Comhairle Contae Liatroma, Comhairle Contae Ros Comáin agus Comhairle Contae Shligigh. Sa réigiún sin, athrófar45,000 go LED.

I ndiaidh próiseas tairisceana, ceapfaidh gach príomhúdarás conraitheoir chun an obair a dhéanamh. Is é Réigiún an Deiscirt an chéad réigiún a thosóidh, agus Réigiúin an Oirthir agus an Iarthuaiscirt ina dhiaidh sin. Tá tacaíocht á cur ar fáil freisin ag an Oifig um Bainistiú Bóithre (RMO), seirbhís chomhroinnte idir na húdaráis áitiúla.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais?

Tá tuilleadh eolais faoin tionscadal seo le fáil ag publiclighting.ie