Skip to main content
Menu

Ó bhí 2021 ann, tá an GBRÁ freagrach as clár taighde bliantúil an rialtais áitiúil maidir le seirbhís do chustaiméirí. Áirítear leis sin suirbhé poiblí náisiúnta agus fócasghrúpaí. Úsáideann an rialtas áitiúil na torthaí a ghintear chun cabhrú le seirbhísí a sholáthar go héifeachtach do gach ball den phobal.

Is é cuspóir an tsuirbhé ná a fháil amach cad atá ar eolas ag daoine faoi sheirbhísí údaráis áitiúil agus cad iad a dtuairimí ar na seirbhísí sin. Gach bliain, déantar iniúchadh sonrach ar ábhar amháin a bhaineann le seachadadh seirbhíse, trí cheisteanna suirbhé breise agus grúpaí fócais. In 2024, d’fhéach an taighde le fáil amach cén cineál eispéiris a bhí ag daoine nuair a chuaigh siad i dteagmháil le húdaráis áitiúla, cad a d’oibrigh go maith agus cad a d’fhéadfaí a fheabhsú.

Dáta
Ag baint le
Faoi Rialtas Áitiúil
Service User Sentiment

Suirbhé 2024 i bhFigiúirí

Sampla an tSuirbhé

  • Ghlac 2,139 freagróir páirt sa suirbhé seo le linn na tréimhse 15 Aibreán – 14 Bealtaine 2024.
  • Rinne RED C Research an suirbhé náisiúnta ag baint úsáide as ollchlár ar líne RED C, an Líne RED.
  • Reáchtáladh agallaimh threisiúcháin chun íoschuóta de 50 duine in aghaidh an údaráis áitiúil a chinntiú.

Príomh-Fhíorais

  • Líon na bhfreagróirí: 2,139
  • Dátaí an tSuirbhé: an 15 Aibreán go dtí an 14 Bealtaine 2024
  • Modh an tSuirbhé: REDC Ollphainéal
     

Torthaí agus Treochtaí Foriomlána an tSuirbhé

Feasacht ar an tseirbhís

  • Feasacht ard (os cionn 70%) ar sholáthar seirbhísí údaráis áitiúil do 15 de 29 seirbhís.
  • Leibhéil sheasmhacha feasachta thar na ceithre bliana.

Sásamh leis an tseirbhís

  • Sásamh is mó i gcás seirbhísí leabharlainne, chlár na dtoghthóirí agus reiligí/úirleachas. Sásamh ab ísle i gcás na mbóithre.
  • Laghdú ar leibhéil Sásaimh i gcás 7 seirbhís in 2024.

Foinsí faisnéise

  • An 3 fhoinse faisnéise ab fhearr = suíomhanna gréasáin, cairde & comharsana agus nuachtáin áitiúla.
  • Tugadh faoi deara roinnt laghduithe in úsáid in 2024, go hairithe i gcás na nuachtán áitiúil ag 21% i gcomparáid le meán 27%.

Úsáid seirbhísí

  • Seirbhísí is mó a mbaintear úsáid astu = seirbhísí athchúrsála, rialú bruscair agus páirceáil & sábháilteacht ar bhóithre.
  • Méadú ar úsáid seirbhísí leabharlainne agus Chlár na dToghthóirí.

Cainéil theagmhála

  • An suíomh gréasáin an cainéal ab fhearr le daoine chun rannpháirtíocht a dhéanamh le húdaráis áitiúla.
  • Méadú ar líon na gcainéal a mbaineann freagróirí úsáid astu.

Meon

  • Comhaontú is mó le seirbhísí feabhsaithe ar líne, an tÚdarás Áitiúil ag éirí níos nuálaí agus éasca rannpháirtíocht a dhéanamh leis an Údarás Áitiúil.
  • Méaduithe ar chomhaontú i dtaca le meoin. Mar sin féin, aithníodh go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí , go háirithe i gcás Cur amach maith ar obair an Údaráis Áitiúil.