Skip to main content
Menu

Eagraítear an Rialtas áitiúil in Éirinn in 31 údarás áitiúil, agus comhairle ag gach ceann acu atá comhdhéanta de chomhairleoirí tofa chomh maith le struchtúr feidhmiúcháin faoi stiúir Príomhfheidhmeannaigh chun gníomhaíocht laethúil an údaráis áitiúil a bhainistiú.

Sa chuid seo

Soláthraíonn d’údarás áitiúil, ar a dtugtar an chomhairle contae nó an chomhairle cathrach, seirbhísí áitiúla, feidhmíonn sé cumhachtaí ar an leibhéal áitiúil, agus soláthraíonn sé fóram maidir le hionadaíocht dhaonlathach na bpobal áitiúil.

Is iad na nithe seo a leanas a bheidh sna 31 údarás áitiúil in Éirinn:

  • 26 comhairle contae
  • Trí chomhairle cathrach (Baile Átha Cliatha agus Corcaigh)
  • Dhá chomhairle a dhéanann maoirseacht ar an gcathair agus ar an gcontae (Luimneach agus Port Láirge)

Tá gach údarás áitiúil freagrach as ceantar geografach ar leith. Soláthraíonn na 31 údarás áitiúil na mílte seirbhísí dá gceantar áitiúil, tacaíonn siad le pobail agus gnólachtaí áitiúla trí thionscnaimh agus fóntais a mhaoiniú, agus forbraíonn siad pleananna forbartha eacnamaíochta agus sóisialta don cheantar chun pleanáil a dhéanamh d’fhorbairt inbhuanaithe atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Is iad seo a leanas na seirbhísí a chuireann an t-údarás áitiúil ar fáil:

  • Tithíocht
  • Bainistiú dramhaíola
  • Cothabháil bóithre agus iompar
  • Seirbhísí éigeandála lena n-áirítear an tseirbhís dóiteáin
  • Cosaint an chomhshaoil ​​agus na bithéagsúlachta
  • Oidhreacht agus caomhnú
  • Tacaíochtaí gnó
  • Áiseanna fóillíochta agus áineasa
  • Cláir ealaíona agus chultúrtha
  • Forbairt pobail
  • Leabharlanna poiblí
  • Pleanáil
  • Turasóireacht
  • Rialú ainmhithe
  • Clár na dtoghthóirí

Faigh tuilleadh eolais faoi na seirbhísí a sholáthraíonn údaráis áitiúla inár rannán seirbhísí.

Leagann údaráis áitiúla fodhlíthe síos freisin dá gceantair. Is éard is fodhlíthe ann ná dlíthe a leagann an t-údarás áitiúil síos a bhaineann le ceantar an údaráis áitiúil. Rialaíonn fodhlíthe údaráis áitiúil na réimsí seo a leanas:

  • Corrthrádáil
  • Páirceáil
  • Teorainneacha luais áitiúla
  • Rialú capall
  • Bruscar agus dramhaíl

Dhá mhí sula ritear fodhlí, ní mór don údarás áitiúil fógra a fhoilsiú sa pháipéar áitiúil ina mbíonn sonraí faoin bhfodhlí atá beartaithe. Beidh deis ag an bpobal ansin aighneachtaí a dhéanamh ar an bhfodhlí atá beartaithe sula dtagann sé i bhfeidhm.

Freagrachtaí d’údaráis áitiúil

Roinntear freagrachtaí maidir le comhairlí sna dhá réimse seo a leanas:

  • Feidhmeanna feidhmiúcháin, atá faoi chúraim an phríomhfheidhmeannaigh agus na bhfostaithe
  • Feidhmeanna forchoimeádta, atá faoi chúraim na comhairle tofa

Feidhmeannach an údaráis áitiúil

Déanann an fhoireann feidhmiúcháin, atá faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh, bainistíocht laethúil ar údarás áitiúil. Is é an Príomhfheidhmeannach a dhéanann cuid mhaith de na cinntí faoi obair an údaráis áitiúil, ach amháin iad siúd fhorchoimeádtar do chomhairleoirí tofa.

I measc roinnt freagrachtaí an phríomhfheidhmeannaigh tá cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach de réir mar a leagtar amach sa phlean corparáideach, chomh maith le scéimeanna a reáchtáil agus deontais a leithdháileadh. I measc na réimsí beartais atá faoi chúraim an phríomhfheidhmeannaigh tá iompar, tithíocht shóisialta, forbairt eacnamaíoch, agus údaráis áitiúil a rialú.

Tugann an príomhfheidhmeannach in éineacht le stiúrthóirí na seirbhísí agus baill eile d’fhoireann bainistíochta an údaráis áitiúil comhairle agus cúnamh don chomhairle tofa agus ‘feidhmeanna feidhmiúcháin’ á gcomhlíonadh aici.

Féach an rannán ar ár suíomh gréasáin faoin gcomhairle tofa chun a gcuid freagrachtaí a fháil amach, faoin gcaoi a dtoghtar iad, agus faoi gcaoi a bhfeidhmíonn siad.

Reachtaíocht ábhartha

Tá ról an Rialtais áitiúil in Éirinn mar bhonn taca faoi Airteagal 28A de Bhunreacht na hÉireann. Aithnítear sa Bhunreacht go soláthraíonn an Rialtas áitiúil fóram daonlathach agus go n-oibríonn sé chun leasanna na bpobal áitiúil a chur chun cinn. Dearbhaíonn an Bunreacht freisin go reáchtáiltear toghcháin áitiúla gach cúig bliana.

Is é Acht Rialtais Áitiúil 2001 (arna leasú ag an Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014) an príomhphíosa reachtaíochta a thacaíonn leis an gcaoi a bhfeidhmíonn an Rialtas áitiúil in Éirinn. Leagtar amach sa reachtaíocht seo cumhachtaí, feidhmeanna agus dualgais an rialtais áitiúil.